clannad – an phaire lyrics
seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc
in aice mo dhorais go buan
is an gach nua lá d’fhásadh nua bláth
ag cur leis an ghlas-mhuir go suan
suas suas an aer an fhuiseog go soar
ag síor chanadh solais don lá
ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat
níor fhoglaim mé dadaigh ach grá
d’imigh gach bliain gan bhuaireadh sa pháirc
m’óige geal gháireach is suairc
ar thóir na mbeach rua ag bailiú go luath
gach ceann ag eitilt gan bhuairt
éist leis an traén ag feadaíl i gcéin
deifrigh nó caillfimid í
o mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat
spórt agus sásamh i m’ chroí
féach ar an pháirc
cá bhfuil na crainn is an bláth?
agus féach ar an spéir
cá bhfuil mo chantóir’s mo ghrá?
seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc
in aice mo dhorais go buan
is an gach nua lá d’fhásadh nua bláth
ag cur leis an ghlas-mhuir go suan
Random Lyrics
- jhene – bed peace lyrics
- cky camp kill yourself – to all of you lyrics
- cky camp kill yourself – woe is me lyrics
- cky camp kill yourself – foolin’ lyrics
- diane birch – diamonds in the dust lyrics
- curreny – smoke sumthin (remix) lyrics
- diane birch – speak a little louder lyrics
- claire voyant – bittersweet (bitter mix) lyrics
- courrier – stained glass window lyrics
- curreny – the backroom freestyle lyrics