altan - citi na gcumann lyrics
is do thángas an baile seo ‘réir
is bhí se ‘gam déanach go leor
smé ar intinn an margadh a dhéanamh
‘s nach scarfainn léi féin go deo
níor tháinig a daidí chun réitigh
cár mhiste domh é na dhóibh?
bheirim slán is beannacht as mo ghaolta
‘s ní chasfaidh mé fhéin go deo
níor cuireadh romham cuireadh na fáilte
ó thánas an tsráid seo thíos
on uair a dh’airigh mo ghrá geal
is go dtugas mo lámh do mhnaoi
is doigh leo go bhfuil mise pósta
is dár ndoigh, más doigh, ní fíor
dar a leabhar atá thíos i mo phóca
is ag mealladh ban óg a bhíos
is a chití na gc-mann, ná séan mé
siúil feasta ‘gus éalaigh liom
i ngleanntáin coilleadh nó sliabh’ amuigh
nó sealad faoi bhláth na gcrann
do phósfainn i gan fhios don tsaol thú
‘s don tsagart dá mh’fhéidir liom
‘s muna bhfaighfear sinn cangailt’ in éirinn
ó racham araon anonn
Random Lyrics
- basil valdez - kung ako'y iiwan mo lyrics
- sam tinnesz - hold me up lyrics
- my life with the thrill kill kult - asylum disciple (.38 remix) lyrics
- lao che - errata lyrics
- munly - teach pachyderms to swim lyrics
- kid glo - again lyrics
- the maine - diet soda society lyrics
- mitchie bangs - holiday (feat. hunna) lyrics
- swedish house mafia - save the world (extended mix) lyrics
- pepe aguilar - tu camino y el mío lyrics