![azlyrics.biz](https://azlyrics.biz/assets/logo.png)
altan - éirigh 's cuir ort do chuid éadaigh (arise now and dress yourself) lyrics
éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
go mbearraidh mé féin do chúl
go dté muid ‘soir easpag na héirne
go gceangaltar mé ‘gus tú
bhí grá ‘s cion agam féin ort
a chuid ‘en tsaol éalaigh liom
‘s nach duine dona gan chéill
a scarfadh ó chéile sinn
aisling a chonaic mé aréir
ar leaba agus mé i mo luí
go dtáinig sí chugam mar fhéirín
ainnir na gciabhfholt buí
bhí a órfholt snoite go féar léi
is níl tuile da mhéid nach gclaíodh
ó is, a rí, ér mhiste do chléir é
dá gcodlóinn aréir le mnaoi?
is trua gan mise is an niamh bheag
na leice mílte ó chuan
in oileán an chlochair bhig chraobhaig
mar a thiteas na néalta chun suain
an áit a mbíonn an nead ag an éanlaith
an fiolar, an ghéag is an chuach
chuirfinnse gease ar an éan bheag
solas an lae thabhairt uainn
éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
go mbearraidh mé féin do chúl
go dté muid ‘soir easpag na héirne
go gceangaltar mé ‘gus tú
bhí grá ‘s cion agam féin ort
a chuid ‘en tsaol éalaigh liom
‘s nach duine dona gan chéill
a scarfadh ó chéile sinn
Random Lyrics
- crystal fighters - in the summer (brookes brothers remix) lyrics
- klaxons - gravity's rainbow (van she remix) lyrics
- katerine - qu'est-ce qu'il a dit ? lyrics
- lillebittebock - fortabt lyrics
- das racist - you can sell anything lyrics
- edyta górniak - the story so far (lee dagger remix) lyrics
- clean bandit - nowhere lyrics
- lexii alijai - how you feel lyrics
- smoller - #cci (interlude) lyrics
- kevin ortiz - por eso te destroce el corazon lyrics