aoife ní fhearraigh – ansacht na nansacht lyrics
Loading...
a mh’ansacht na n-ansacht
a dtug mé m’ansacht go léir duit
nach cuimhin leat mo mhealladh
is rinn tú’n fheall orm na dhéidh sin
anois atá mé folamh
is go bhfuil m’intinn lánbhuartha
‘s mé ag amharc ar mo leannán
ag fear eile á bréagadh
éireoidh mé ar maidin
le theacht dheirg na gréine
agus fuígfidh mé mo bheannacht
ag cailíní an tsaoil seo
bhéarfaidh mé an ruaig sin
thart suas fá loch éirne
‘s ní phillfidh mé ‘na bhaile
go gcanfaidh ‘n chuach ann gach réigiún
mar bhláth bán na neoiníní
bhíos a’ fás i dtús a’ tsamhraidh
nó mar fhaolán dheas bhán
a bhíos a’ snámh ar na méillte
mar ghrian os cionn na dtuillte
‘sí dealrú thart timpeall
‘s nach siúd mar bhíos mo ghrása
a’ deanámh rámhaillí i m’intinn
Random Lyrics
- spank rock – race riot lyrics
- black thought – history unfolds lyrics
- the ten tenors – dancing queen lyrics
- nomadi & omnia symphony orchestra – dio e’ morto lyrics
- christina stürmer – im kreis lyrics
- john mccormack – keep the home fires burning lyrics
- tj finesse – o.g. lyrics
- mor ve ötesi – ayıp olmaz mı? lyrics
- cólera – duas ogivas lyrics
- morcheeba – what’s your name (rap mix) lyrics