bláithín mhiccana - amhrán na cille lyrics
Loading...
liricí ó amhrán na cille as bláithín mhiccana
[vérsa 1]
siúil in éineacht liom
cosnochta thar fheamainn
is clocha na trá
go foscadh an chladaigh
[vérsa 2]
siúil in éineacht liom
i dtreo na talún
is beannacht le d’ucht
lán le dán is leis an domhnach
[vérsa 3]
cuir fáilte roimh shuaimhneas an dorais
barrachaol go dtí an stuaic
seachain an drochthuar
idir ballaí mo chille
[vérsa 4]
iompaigh do chúl ar dhochar an domhain
amanta de réir na haimsire
déan faire ar an ngrian ann
agus í ina luí san iarthar
[vérsa 4]
siúil in éineacht liom
thar chosán ár gcine
is claiseanna gach coiscéime
curtha ann le muinín
[vérsa 5]
siúil in éineacht liom
ó shonas phort na hinse
go suaimhneas na cille
lán cineáltais agus ciúnais
Random Lyrics
- zeromind - voices lyrics
- snelle & katja schuurman - 2002 lyrics
- mek-9 - blitz (w. catasham & torodicus) lyrics
- karpen spille - клоун и пустота (the clown and the void) lyrics
- samantha sharpe - the smaller things lyrics
- boston review - my homie is ruslan lyrics
- de0nis2011 - don't know about hip-hop lyrics
- drum finger - no 2 satoshi's lyrics
- roupa nova - só você e eu lyrics
- laylo!! - side a lyrics