
fós (ire) - bádaí na scadán lyrics
foireann an bháid ab fhearr a d’fhág inis fraoigh
‘s iad ag tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ‘na luí
foireann an bháid ab fhearr a d’fhág inis fraoigh
‘s iad ag tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ‘na luí
ar boilg gur fágadh is gan tarrtháil orthu, faraoir
‘s mo bhuachaillín bán deas a sheinnfeadh an fhideal ‘s an phíob
is measa liom eoghan ná scór de fhearaibh an tsaoil
is é a chuirfeadh ar bord is nach mór a lagaigh sé an tír
tá macán bocht buartha, nóra bheag is a níon
‘gus dar liom, ar ndóigh, go bhfuil dólás mór fada ar a mhnaoi
níor mhaith liom do shúil, órú, a bheith brúite tuirseach i ngreann
‘s do chorpán geal úr a bheith ag súgradh ar bharr na dtonn
na maidí a bhí fút ag lúbadh tharat +n+ll
bhí do lámh ar an stiúir is tú ag dúil le bheith i bhflaithis gan mhoill
dá bhfeicfeá eoghan mór is é ag cuartú cladach is poll
ag iarraidh tuairisc na mbuachaill a fuadaíodh amuigh ar an toinn
shiúil sé na cuantaí ach níor dhual dó a leithéid a fháil ann
ach go bhfuarthas a dtuairisc thuas ar an iomaire cham
a fheargail a dheartháir, má tá tú i bhflaithis na naomh
iarr fortacht ar an ard+rí lena bhfáil ins an chladach seo thíos
muna bhfaighfí ach a gcnámha is iad bheith ar na leaca ina dtaobh
bheadh a athair bocht sásta is bheadh athrach mór fada ar a shaol
foireann an bháid ab fhearr a d’fhág inis fraoigh
‘s iad ag tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ‘na luí
foireann an bháid ab fhearr a d’fhág inis fraoigh
‘s iad ag tarraingt san áit a raibh bádaí na scadán ‘na luí
Random Lyrics
- roya - səninəm lyrics
- the thing - wanted war lyrics
- david guetta, bebe rexha & j balvin - say my name (tom staar remix) lyrics
- fuadduo - aftermath lyrics
- du$t (dust) - painhub lyrics
- snowchild edge - no drama lyrics
- dmtboy - xxxxl lyrics
- milena casado - resilience lyrics
- pighairlol - ding-a-ling lyrics
- lil l.a. marz - different personalities lyrics