fs - an buachaillín bhán lyrics
tá mo chroí+se go tláth lag
‘s i lár mo chuid saothair
tagann lán tocht im chléibhse
cé nár mhéin liom é rá
tá an díbirt i ndán dom
ó bháin bheannaibh éireann
is fánach mo shaolsa
‘s is déarach mo chás
is cuimhin liom an tráth
úd a ghrá ghil na n+ae istigh
thugas grá searc is géilleadh
dod chaomh roisc thar chách
a rí ghil na n+árann
dob fhearr liom go n+éagfainn
i láthair mo ghaolta
is mo bhuachaillín bán
tá críoch inis failbhe
go lán fad’ i ndaor bhroid
go cráite ‘s go céasta
i ngéibhinn na namhad
nó an fíor nach foláir duit
go brách bheith go déarach
a oileáinín bhig mhaorga
na naomh is na mbard
ó guímse go hard
ar an ard athair naofa
chun ár agus léir+scrios
do dhéanamh ar sheán
do dhíbir na táinte
thar sáile ‘na gcéandta
‘s chuir fán orm féinig
óm’ bhuachaillín bán
Random Lyrics
- celo & abdi - flodder lyrics
- kid cudi, skepta & pop smoke (deutsche übersetzung) - show out lyrics
- tom petty and the heartbreakers - keepin' me alive - outtake, 1982 lyrics
- iotunn - given to explore lyrics
- estilo sin limite - esquizofrenia lyrics
- so loki - love her a lot lyrics
- cane hill - lord of flies (live) lyrics
- 허니애플 (honey apple) - 그냥 헤어지자 (break up) lyrics
- raimonds pauls - spītība lyrics
- kardi d & s00ka - spicy cipka lyrics