
pádraig ó haoláin - cóilín phádraig shéamais lyrics
véarsa 1
ó saolaíodh thú is mairg a rá
go raibh an long anonn i ndán duit ?
bhí sé romhat de shíor go mbeifeá lá
i measc na n+imirceánach
ní maireachtáil ag baile dhuit
ní thusa féin is cáinte
ach an dream a d’fhág tú thiar díomhaoin
ag stracadh leis an nganntan
curfá
tá long ag dul anonn inniu
a chóilín phádraig shéamais
agus imigh leat thar sáile anon
mar a bhfaighidh tú luach do shaothair
ag sclábhaíocht is ag sluasteáil cré
ó éirí go luí na gréine
a bheas tú thall i dtír na ngall
a chóilín phádraig shéamais
véarsa 2
is iomaí lá breá gréine
a chaith tú ar bheagán buartha
ag fiach i measc na gcnocán glas
nó ag iascaireacht sna cuanta
ba ghaiscíoch ins an gcurach thú
is tú ‘ sharódh an gala
is ba bhinne leat ná ceol na bpíob
gíoscán na maidí ramha
curfá
tá long ag dul anonn inniu
a chóilín phádraig shéamais
agus imigh leat thar sáile anon
mar a bhfaighidh tú luach do shaothair
ag sclábhaíocht is ag sluasteáil cré
ó éirí go luí na gréine
a bheas tú thall i dtír na ngall
a chóilín phádraig shéamais
véarsa 3
ní fheicfidh tú arís go deo
do chairde ná do ghaolta
is ní scarfaidh tú aríst go brách
an mhóin ar thaobh an tsléibhe
f+g slán ag cladach is ag sliabh;
f+g slán ag conamara
mar ní fhillfidh tú go deo na deor
ar do thír nó ar do bhaile
curfá
tá long ag dul anonn inniu
a chóilín phádraig shéamais
agus imigh leat thar sáile anon
mar a bhfaighidh tú luach do shaothair
ag sclábhaíocht is ag sluasteáil cré
ó éirí go luí na gréine
a bheas tú thall i dtír na ngall
a chóilín phádraig shéamais
Random Lyrics
- moonlight haze - crystallized lyrics
- astro heroes - when he sleeps lyrics
- kim hye rim (김혜림) - f5 lyrics
- fran mera - oye bebe lyrics
- oddie strangeluv - need a bag lyrics
- muwral - все в засосах (everything in hickey) lyrics
- spritely - imagine (you live in la with your boyfriend) lyrics
- david butts - uncle lyrics
- raulprd17 - sare lyrics
- yung dizzy - thunderclap lyrics