súil amháin - lá breá lyrics
[cúrfa]
ardaíonn tú mé níos airde ná cnoc bréanainn
mo chosa ina jelly agus tagann orm saothar
mo chosa ina jelly is mé ag siúl led thaobh
lig dom bheith agat im lá breá a chailín bán
ardaíonn tú mé níos airde ná cnoc bréanainn
mo chosa ina jelly agus tagann orm saothar
mo chosa ina jelly is mé ag siúl led thaobh
lig dom bheith agat im lá breá a chailín bán
[véarsa 1]
is geall le haer úr na farraige do chuideachta a bhaby
is ní hé go bhfuil tú fuar ach te ar chuma braon tae
láidir ionat féin, gan aon chúram do shiúcra, rómhilis sin cheana féin
dá mba mhaith leat milseacht sa mbreis
ní dhéanfadh aon ní eile an bheart
ach mil na mbeach aibí mar taoi nádúrtha
i do chuid meala ba mhian liom a bheith clúdaithe
mise jimmy do mhíle stór ag filleadh fé dheoidh
is mó áit a dtabharfá mé ar turaiseanna lae
diail an bhean chun dinnseanchais, ní baol dom riamh dul ar strae
is é do phaiste dúchais féinig é i ndeireadh an laе
is níl aon teora leis sin
fad is gurb ann is a mhairfirse a bhé
braithim im aoi spеisialta sa dúthaig seo
(like bitcoin) mo stór focal ag éirí níos luachmhaire
leatsa (ní chaithim mo shaol a roinnt níos mó)
is ar chlos duit mo chuid radaireacht
déarfá rud éigin ar nós:
‘breá bog ar na maidí a bhuachaill
tánn tú ábhairín liobarnach’
is tá san ok abair agus saghas fíor
ach nach cuma, mór le maíomh
an méid sin de threoir a bheith agam in aon chor
im shaol a bhí chun oilc nú gur ghaibheas
thairis an gconair chút siar
bhogais mé is an saol ag breith cruaidh
anois cruann mé is mé fachta bog (haha)
táim fé chleasa troma draíochta
cad a chuiris im chíste?
nú an b’ea d’ólas braon den sáspan dubh?
[pre+chorus]
mar do leanfainn tú mar a leanfadh an fháinleog an dea+uain
leanfainn tú mar a leanfadh sceartáinín eireaball uain
im chrá aoibhinn is aoibhinn liom bheith od’ chrá
le téacsanna lán do ráiméis agus pictiúirí le captions gan dealramh thíos fé laidhc:
‘bhraitheas s+xy b’fhéidir go scriosfad so níos déanaí…’
á ná ligfeá dhom a bheith agat im lá breá
ar feadh stáir mhóir ghroí a chailín bán?
[cúrfa]
níl póg níos deise ná do bhéal bán
is tá a thuilleadh díot uaim ag tráigh an fhíona
id fhochair, is cloichear, a bhímse, agus féach
mar a rithim le dúil síos do choim uí neol
níl póg níos deise ná do bhéal bán
is tá a thuilleadh díot uaim ag tráigh an fhíona
id fhochair, is cloichear, a bhímse, agus féach
mar a rithim le dúil síos do choim uí neol
[outro]
an bóthar ó thuaidh is an cóngar aduaidh
an bóthar ó thuaidh is an cóngar aduaidh
n’fheadar mar gheall ar an lá amárach
ach anocht tá mo chroí tuaisceartach
ag braistint mór timpeall
iarthar duibhneach

Random Lyrics
- alien lipstick fire - saturday night lyrics
- tae lewis - when i grew up lyrics
- bby eco - oxy lyrics
- tomás adrião - a vontade lyrics
- ynb murk - street ain’t safe lyrics
- denexl - prazer lyrics
- mahesh mahadev - kandenu sri ranganathana lyrics
- bruno belley - taste lyrics
- zoo posse - la dels beatles lyrics
- kayna samet - ghetto tale lyrics