the gloaming - reo lyrics
Loading...
[véarsa 1]
maidin sheaca ghabhas amach
is bhí seál póca romham ar sceach
rugas air le cur im phóca
ach sciorr sé uaim mar bhi sé reoite:
[cúrfa]
ní héadach beo a léim óm ghlaic
ach rud fuair bás aréir ar sceach:
is siúd ag taighde mé fé m’intinn
go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
lá dár phógas bean dem mhuintir
is í ina cónra reoite, sínte
[véarsa 2]
d’fhás an oighear ar mhéaraibh crann
stad na h-uiscí i gcroí na h-abhann
ghlaoidh guth an bhfiach dubh
ó imeall gleann
is thuirling spideog ar ghualann cam
[cúrfa]
ní héadach beo a léim óm ghlaic
ach rud fuair bás aréir ar sceach:
is siúd ag taighde mé fé m’intinn
go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
lá dár phógas bean dem mhuintir
is í ina cónra reoite, sínte
Random Lyrics
- eric bachmann - small talk lyrics
- baraq - pretty brown eyes lyrics
- tono wilson - dear annie lyrics
- rihanna - rockstar 101 (mark picchiotti rockin radio) lyrics
- diho - al bundy lyrics
- kimcrafter - arb qualifikation lyrics
- jamby el favo - tú sí lyrics
- 18 karat - psycho lyrics
- trace adkins - if only you were lonely lyrics
- karwel - nie ważne lyrics