cait agus sean – siún ní dhuibhir lyrics
d’éirigh mé ar maidin a tharraing chun aonaigh mhóir
a dhíol ‘s a cheannacht mar dhéanfadh mo dhaoine romham
bhuail tart ar a’ bhealach mé ‘s shuí mise síos a dh’ól
‘s le siún ní dhuibhir gur ól mise luach na mbróg
a shiún ní dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
mo bhrón ‘s mo mhilleadh má’s miste liom tú ‘bheigh i gcill
bróinte ‘s muilte bheith scileadh ar chúl do chinn
ach cead a bheith in iorras go dtara síoi éabh ‘un cinn
a shiún ní dhuibhir ‘s tú bun agus barr mo scéil
ar mhná an cruinne go dtug sise ‘n báire léi
le gile le finne le mais’ is le dhá dtrian scéimh
‘s nach mise ‘n trua mhuire bheith scaradh amárach léi
thiar in iorras tá searc agus grá mo chléibh
planda ‘n linbh a d’eitigh mo phósadh inné
beir scéala uaim chuicí má thug mise póg dá béal
go dtabharfainn dí tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi
“beir scéala uaim chuige go dearfa nach bpósaim é
ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé
nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré
bíodh a rogha aige ‘s beith mise ‘r mo chomhairle féin”
Random Lyrics
- madonna – back that up (do it) lyrics
- she is summer – 会いに行かなくちゃ (i have to see you) lyrics
- kiing – ain’t no nigga lyrics
- drb lasgidi – necessary lyrics
- bnkdakid – sun feat. squidji lyrics
- hail the sun – devastate and recalibrate lyrics
- marjorie estiano – a não ser o perdão lyrics
- dj luke nasty – dirty diana lyrics
- filipe mf – lá / sem falhar lyrics
- blain wake – reminder lyrics