azlyrics.biz
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

celia ní fhátharta – an abhainn mhór lyrics

Loading...

céad slán don abhainn mhór is é mo bhrón gan mé anocht lena taobh
‘gus a liachtaí sin bóithrín caol uaigneach ag gabháil idir mé is í
ins an áit ina mbíodh spóirt ag an aos óg ‘gus pastime na hoíche
bhíodh an jug ar an mbord ann is mo stóirín fial fairsing á roinnt

murach m’óige is díth céille is deas aerach mar a chaithfinnse mo shaol
nó gur éalaíos thar sáile le máire ar uair an mheán-oíche
nuair a ghreamaíos den bhúrcach a diúltaíodh i gcathair na naomh
sé a d’fhága ar fán mé is gan fios agam cá gcodlóinn an oíche

chúns a bheas mé beo in éirinn ní thréigfidh mé imirt ná ól
chúns a bheas mé beo in éirinn ní thréigfidh mé tréithe ban óg
chúns a bheas mé beo in éirinn, ó, pléascfaidh mé an jug ar an mbord
is céad slán dhuit, a mhíle stóirín, is cé déarfadh nach liomsa thú fós

is tá mo mháithrín go haonraic léi féin i gcaladh na mbád
ag osnaíl is ag éagaoin ó oíche go lá
tá a comrádaí sínte i gcill bhríde agus leac ar a cheann
is a mac ar fud na tíre ag imeacht is ag ealaín le mná

tá mo chóta mór stróicthe, ochón, is é ag t-tim liom síos
‘gus an té a chuirfeadh cóir air mo bhrón tá sí i bhfad as mo shlí
‘gus an té a bhainfeadh póg de mo stóirín is mé bheith lena taobh
go mbainfinn fuil tsróna as nó ba láidir é a chara sa tír

tá mo shála-sa gearrtha is ní áirím an phian atá i mo thaobh
ag ísliú is ag ardú na málaí seo aniar ar mo dhroim
ach dhá mbeinnse ag mo mháithrín ins an áit a ligfinn mo scíth
bheadh súil le rí na ngrást agam is ní bheadh fán orm ach tamall dem shaol



Random Lyrics

HOT LYRICS

Loading...