celia ní fhátharta – an buachaillín múinte lyrics
‘s a bhuachaillín mhúinte, céad faraor chráite
go dtug mé grá dhuit i dtús mo shaoil
is shiúlfainn éirinn is thart cruach phádraig
samhail mo ghrá bán ní bhfaighinn i dtír
bhí do dhá shúilín thaitneamhach ‘s do bhéilín ag gáire
‘s bhí dath an ór-bhuí ar ghruaig do chinn
a ghrua ba dheirge ná an rós sa ngairdín
‘s a mhuirnín dílis, is tú a bhris mo chroí
ó, bheirim mo mhallacht don arm gallda
mar a bhain mo ghrá dhíom i dtús mo shaoil
is a liachtaí lá breá is oícheanta airneáin
a chaith mé i ngrá leat ar an mbóthar buí
dhá dtiocfadh sé sa saol go mbeinn leat pósta
mura mairfinn beo leat ach aon bhliain amháin
bheinn i gcónaí ag smaoineamh ar do bhrollach síodúil
‘s mo chroí dhá insint nach bhfuil maith dhom ann
nach trua mo scéalsa ag gol i do dhiaidh-sa
‘s mo chroí dhá réabadh i mo cheartlár
tá deireadh mo chainte le do bhéilín ráite
a rí na ngrásta nár mhór an feall
nach trua nach bhféadfainn do chás a réiteach
‘s an brat trom chéatach a bhaint de do chroí
ach ag silt na ndeora os cionn do chónra
céad faraor dhóite is thú go domhain i gcill
Random Lyrics
- cosmic johnny – useless machine lyrics
- michael hills blues mob – soldiers blues lyrics
- abra (phl) – apoy lyrics
- wir 3 – liebeskapitän lyrics
- tatianna – almost maybe lyrics
- sabino – cult (prod. wyzhu) lyrics
- jeremy zucker – selfish lyrics
- gravv – i’m on my getaway lyrics
- chris king – risktakerz lyrics
- matt nolan – the confession lyrics