celia ní fhátharta – táilliúir an mhagaidh lyrics
is thíos ag an tobar sea chuir mise an fáinne amú
sea dhearc mé an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua
bhí a grua trí lasadh is a leaca mar bhláth na n-úll
‘s má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom
is dá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht
óra d’osclóinn an doras is ligfinn thú féin isteach
‘gus chóireoinn do leaba is luífinn in éineacht leat
is bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín dheas
is a tháilliúir an mhagaidh, ní phósfaidh mé thú mar fhear
ach pósfaidh mé an talamhaí a dhéanfas go domhain mo theach
is a d’éireodh ar maidin is a chroithfeas na síol i gceart
is nach istigh cois dorais ag feadaíl ná ag ruaigeadh cearc
‘s a tháilliúir an mhagaidh, cé phosfadh thú fhéin mar fhear
is do chuid loirgní dóite is tú ag imeacht ó theach go teach
‘s ag cur síos ar do chomharsa is an té úd nach dtaithneodh leat
‘s mac duach is mac dara is go ngreamaí do thóin den hob
ins an áit a mbíonn foscadh bíonn na feochadáin ann is féar
is bíonn ceol binn ag na meachain ag baint meala de bharr na gcraobh
bíonn na bradáin ag preabadh is an bhreac gheal ag snámh go réidh
is mo stóirín faoi leatrom ag fear eile le fáinne an lae
Random Lyrics
- chris brown – all the time lyrics
- joey b – stables lyrics
- les vrp – le camp d’entraînement lyrics
- tommy james and the shondells – i’ll go crazy lyrics
- quentin miller – bank!!! lyrics
- zleepy buhnnny – h0r1zon lyrics
- james mac – dear god lyrics
- the derailers – every time it rains lyrics
- sansar salvo – bombalar düşerken lyrics
- mc bilal – ich bin nicht wie du lyrics