clannad – a neansaí ‘mhíle grá lyrics
a neansaí, ‘mhíle grá, a bhruinneall ‘tá gan smál
go bhfeice mise’n t-ádh ‘gus an séan ort
ba ghile do dhá lámh ná cúr geal na trá
ná’n eala ‘s í ag snámh ar an é‰irne
ba ghlaise liom do shúil ná braon beag den drúcht
is binne liomsa thú ná na téadaí;
‘s mura n-éalaí tusa liomsa t-tfidh mise i lionndubh
is chuirfinn ins an chill ‘s ‘do dhéidh mé
is iomaí sin guth mná a chloisim in gach aird
abhus agus taobh thall den é‰irne
go corcaigh na gcuan ‘s go béal ath’ na sluaighe
‘sí neansaí thug bua ar an méid sin
a mhuire ‘gus a dhia, nárbh aoibhinn ár saol
dá mbeinnse agus í le chéile?
tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise ‘gus mo rún
ag cogarnaíl ar uaigneas na sléibhe
beir litir uaimse suas chuig neansaí chaoin na gcuach
is aithris di gur buartha atá mé;
aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
le harraing atá fríd mo thaobh dheas;
aithris é dá súil, aithris é dá cúl
aithris é dá méin mhaith chéillí;
aithris é dá ceann ‘s dá béilín atá binn
gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha
Random Lyrics
- various artists – glory lockets lyrics
- hatal kayber – aforizmalarla ritim lyrics
- аквариум (aquarium) – мальчик евграф (evgraf the boy) lyrics
- cornelis vreeswijk – linnéas morgonpsalm lyrics
- rkvc – give up lyrics
- jinx – the club lyrics
- daniel boucher – sentir le vide lyrics
- dandy warhola – sound like lyrics
- lil deathkid – i wanna fuck bella hadid lyrics
- stna – wind in den blättern lyrics