fs – a chomaraigh aoibhinn ó lyrics
Loading...
mo bheannacht óm’ chroí
dod’ thir ‘s dod’ shléibhte
is dod’ mhuintir shuairc
ar dual dóibh féile
do shrutháin gheala
‘s do choillte craobhach
do ghleannta meala
‘s do bhánta léire
ó grá mo chroí
iad siúd le chéile
is dathúil breá
do chruacha scéimchruth
nuair a lasaid suas
le hamharc gréine
na faillte ‘s leacain
ar gach taobh diot
mar bhrata sróil
le seolta gleásta
nuair a scaipeann an drúcht
anuas ón spéir ort
do bhíos thar sáile
seal i gcéin uait
i ndúthaigh fáin
ag déanamh saoithair
ach b’obair tháir liom
cnuasach gréithre
i bhfad óm’ ait
fé scáil do shléibhte
is chas mé arís ort
Random Lyrics
- raimonds pauls – dziesmiņa par prieku lyrics
- stackonit music – turks lyrics
- sinan özen – neresun lyrics
- keyblayde808 – dont give up lyrics
- pictureplane – negative slave lyrics
- p4rkr – clairvoyant lyrics
- nkem okorie – n.t.h lyrics
- e.g.o. – pelicans lyrics
- feng ze 邱鋒澤 – 那曾經 (those days) lyrics
- the buoys (au) – wah lyrics