azlyrics.biz
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

hudson taylor – mothaigh arís é lyrics

Loading...

[véarsa 1]
bhíos mar chara ag fear na gcrúb
féastaí in ifreann, ní fada gur chailleas mo stuaim
ó, is ann a mhothaigh mé buan
ag lorg braon eile ag bun na gloine
níl aon chuimhne agam ar theacht anseo
ach is léir

[pre-chorus]
ó, d’imigh mé ó smacht
níl an saol seo uaim go deo
éirigh suas is treabh leat tríd an gceo

[cúrfa]
lig isteach, an bháisteach
scaoil amach na deora ón damba
b’fhearr liom an phian seo a mhothú ná mo chroí a mhaolú anois

[véarsa 2]
pingin eile caite i dtobar an áidh
deoch amháin eile is abhaile liom céim ar chéim
ó, níos fearr ná bheith liom féin
mo chroí fuar agus reoite dubh
ag dul sa seans, ó is c-ma liom
ach is léir

[pre-chorus]
ó, ag slogadh siar mo bheocht’
níl an saol seo uaim go deo
éirigh suas is treabh leat tríd an gceo

[cúrfa]
lig isteach, an bháisteach
scaoil amach na deora ón damba
b’fhearr liom an phian seo a mhothú ná mo chroí a mhaolú anois

[droichead]
lig isteach, is glac leis
ó céard é an grá gan an c-mha agus crá?
is nuair a thagann sé orm, glacfaidh mé leis arís

[cúrfa]
lig isteach, an bháisteach
scaoil amach na deora ón damba
b’fhearr liom an phian seo a mhothú ná mo chroí a mhaolú anois

[outro]
lig isteach, is glac leis
ó céard é an grá gan an c-mha agus crá?
is nuair a thagann sé orm, glacfaidh mé leis arís
is nuair a thagann sé orm, glacfaidh mé leis arís
is nuair a thagann sé orm, glacfaidh mé leis arís



Random Lyrics

HOT LYRICS

Loading...