solas – bruach na carraige báine lyrics
is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht
tá an ainnir chiúin tais mhánla
is gur ghile a cam ná an eala ar an dtonn
ó bhaitheas go bonn a bróige
‘sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí
is d’fhág sí i m’intinn brónach
is leigheas le fáil níl agam go brách
ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa
ó b’fhearr liom fhéin ná éire mhóir
ná saibhres rí na spáinne
go mbéinnse ‘gus tusa i lúb na finne
i gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde
ó mise ‘gus tusa bheith pósta a ghrá
le haontoil athar is máthair
a mhaighdean óig is milse póg
tú grian na carraige báine
‘s a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam
beidh cóir ort a thaithneodh led’ cháirde
idir shíoda ‘gus hata ó bhonn go bathas
‘s gach ní sa chathair dá bhfeabhas
beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile
is ceol binn ag beacha ar bhánta
beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id’ tharraingt
go bruach na carraige báine
Random Lyrics
- eric b. & rakim – microphone fiend (extended remix) lyrics
- ptk – meine base lyrics
- mdws – clouds lyrics
- marty grimes – not fuckin around lyrics
- termanology – my time lyrics
- leozin & dudu – jordan boyz lyrics
- ejmatt – kolej rzeczy lyrics
- cheryl pepsii riley – how can you hurt the one you love lyrics
- casper – der showdown lyrics
- tobu – return to the wild lyrics