azlyrics.biz
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

sreabhadh – gan smál lyrics

Loading...

os cionn na foraoise fanta go buan ar feadh aga i stoirm-sneachta cídh
fána gaoithe – lonrú – lapa sprúis i mbun deirge
ualach mór – sneachta plúchta, sleabhcadh omóis nó feirge
c-ma ceo i bhfad níos seirbhe, ‘dul in éag le crá na gréine (gréine, gréine)

i dtreo stuaice – “éire”
teochtanna fo-náid ar an bpíosa darb ainm phangaea
agus spreagann té éigin saghas ruda mar snas-bhlas
tit de thapaigean, rochtain an gheimhridh – saighdiúirí ss

‘n-áiteanna d’uaibhreachas ‘tá ag rugadh leo –
dorais, foirgnimh cranda tréigthe dá mháistrí ro(imhe)
clós-róis le goin fholamh, rois piléar i solas reo(ite)
teacht i dtír ar a chéile anseo, gafa go dtí an ifreann leo

díoscán gruama trí dhoras na h-uaimhe
taisme rua an tslua, fiailí á bhfás i méid díreach mar bhua
in aghaidh do mhullaigh, níl ann deireadh sona a chaith(eadh)
ar leantaoibh, a cheannaí, gan rian a bheidh áit seo im(ith)e

i ndearmad ón uair rompu – cuimhní atá á dtréigean leis
im fho-radharc, tuirsigh atá á gcosaint acu i gceo sa bhreis
gastacht le breathnú ‘rais, sleasán mar mheon – “a n-oll-threis(e)”
ach sé ifreann a mbailte, go bhfuil an loinnir reoite – bris!

i measc an luaith thar-fhásta, dorchadas linne ina n-aonar a bhfuil
a lonrú mar scáil, in oíche díreach mar síorchiardhubh anoir
guail dhorcha ar lámha ar a bhfuil …
roinnt fhola réamh-dhoirte ann, anseo i gcairn go deo na ndeor go bhfuil muidne inár n-aonar

claíomh i gcroí amh – atá an t-am ag áireamh siar glas
tanú leis an gceo a bhfuil ag priocadh ar rianta deor bás
fuacht mharfach – nuacht ársa –
sreabhadh i ndothra i ndroch-bhlas
le súile a chaith an t-oighear siar
frithchaitheamh linne thar n’ais agus

caoiníonn na crainn mar a rinneas cheanna go minic insan tsúil
a ngainní sioctha ag iarraidh nasc a dhéanamh i ndorcha(das) smúitiúil agus
im’amharc doiléir éiginnte sa tslí m’ama, sin é nimhiúil
i dtaobh gan deora ann chun buaileadh le chéile go h-apacrafúil agus

níl tada ann, súile á n-amharc go leathan – áit ar bith
a thagaim go minic – leanadh ‘mbun i bhfeoil brí-scoith
súile á n-amharc go leathan, gar n’aithne don bhrí-chith
uisce calma in oíche óg, bádh m’fhocail i dtost … a’ crith

réaltaí ‘scaladh gealaí síos thart i ndú-chosmas
breathnú pláinéad i ndú-dhoinsea(cht) díreach mar a bhfuil sé ina h-iostas
neamhaí i gcliatha fís – tada ach mo chroí atá trom le costas
eisint – atmaisféar dian, fanacht ar ascaill lag iontas

cealgadh suilt ag bun i bpoll – file darb ainm “múr”
tobar i ngéibheann sáinnithe i sauna lom áit a bhfuil sé nuar
drúis is saint tagtha ‘rais i ndreach scáfar faoi cheilt úr
ag beir greim(e) ar ráill(e) i gcónaí, dromchla a bheas síor-fhuar

tarraing anáil amuigh, féach gal casta sníthe(ach) – púca
imeall oighir gan eagla, teacht i dtreo imní-duga
ag tumadh san oíche in uisc(e) a bhfuil goimh, a bádh mé ionam
leis an bhfeall; cúngú gág na smál, rud a bheas síoraí dom á chuardú



Random Lyrics

HOT LYRICS

Loading...