azlyrics.biz
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

the chieftains – deserted soldier (an saighdiúir tréigthe) lyrics

Loading...

nuair a d’eirigh mé ‘r maidin dé céadaoin
níor choisreac mé m’éadan faraor
nó gur bheir mé ar an arm a ba ghéire
agus chuir mé a bhéal le cloich liomhth’

dá mbínnse seacht mbliana faoin talamh
nó i bhfiabhras na leapa mo luí
a chéadsearc an dtighteá ‘gus m’fhiafraí
scéal cinnte go mbeinn leat mo shuí

is trua nach marb bhí m’athair
nuair a chuir sé mé go harm an rí’
is gurbh í an uaigh mo chrualeaba feasta
is a chéadsearc nach trua leat mo luí

is fada mo chrá croíse a dhéanamh
mo thumba á prionntáil ag saor
‘gus mo chónra á tógáil lá ‘n earraigh
‘gus na buachailli deasa gabháil faoi

is trua nach marbh bhí m’athair
nuair a chuir sé mé go harm an rí’
is gurbh í an uaigh mo chrualeaba feasta
is a chéadsearc nach trua leat mo luí



Random Lyrics

HOT LYRICS

Loading...